Seoladh Bhaile Átha Cliath - 'Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde'

Sat, 02 Dec 2017
15:30 - 16:30

Seolfaidh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, an leabhar 'Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde' atá in eagar ag Máirín Ní Ghadhra (Cló Iar-Chonnacht, 2017) ag ócáid in An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair ar an Satharn, 3.30 i.n.

Iriseoir, léachtóir, staraí, díograiseoir - is iomaí focal a d'fhéadfaí a úsáid le cur síos a dhéanamh ar Nollaig Ó Gadhra. Is beag gné den saol nár chuir sé suim ann agus bhí sé de cháil air go raibh teagmháil aige le daoine i ngar agus i gcéin.

Tá cuid de na daoine seo, chomh maith le cairde agus gaolta, ag roinnt a gcuid cuimhní ar Nollaig linn sa leabhar seo. Ní iarracht ar bheathaisnéis atá ann ach blaiseadh de na rudaí ar fad ar chuir sé suim iontu. Tá idir dhiúltach agus dhearfach ann agus léargas ar a ildánacht.

Máirín Ní Ghadhra
As na Forbacha i gContae na Gaillimhe do Mháirín Ní Ghadhra. Iriseoir í le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá sí ina cónaí ar an gCeathrú Rua lena fear agus beirt iníon.

Ár mbuíochas le...
Buíochas le hÍte Ní Chionnaith agus leis an gCoiste Gnó, Conradh na Gaeilge as an ócáid seo a chur ar bun mar cheiliúradh ar an nasc a bhí idir Nollaig Ó Gadhra agus Conradh na Gaeilge agus a chuid oibre freisin mar Uachtarán an Chonartha. Buíochas le Caitlín Nic Íomhair in An Siopa Leabhar as gach tacaíocht.

39 Views
Last update 03/12/2017

An Siopa Leabhar

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Ireland
Something wrong? Report this event

Interested on this event?

An Siopa Leabhar

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Ireland
Something wrong? Report this event
Link copied to clipboard